Cineál | chapter of the Bible (en) , biblical psalm (en) agus psalm (en) |
---|---|
Sraith | |
Cuid de | Leabhar na Salm |
← Salm 22 Salm 24 → |
San 23ú Salm (Uimhriú Gréagach: salm 22) sa Bhíobla Eabhraise / Sean-Tiomna, téacs naofa na Críostaíochta, déanann an scríbhneoir (Dáibhí) cur síos ar Dhia mar a Aoire. Mar an Aoire, cosnóidh Sé, soláthróidh Sé, agus treoróidh Sé sinn, dar leis an údar. Má tá daoine áirid i mbaol ó namhaid láidre, creideann críostaithe go gcosnóidh Dia iad; má táthar i mbaol gorta, cuirfidh Dia go leor bia ar fáil. Síleann críostaithe fosta go seolann agus treoraíonn Dia daoine chuig áit shábháilte, ina mbíonn an saol go flúirseach. Go minic cóiríodh an téacs, ar a bhfuil an-mheas ag Giúdaigh agus Críostaithe araon, le ceol.